← Ciallaíonn an téarma seo 'sa bholg' mar tosaíonn na síolta ag bogadh sa chré i mbolg an domhain agus bhítí ag tnúth le torthúileacht an earraigh agus an tsamhraidh. 🔊
← Na Tréithe a bhain le Naomh Bríd Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. 🔊
← Is é an scéal is coitianta faoi Naomh Bríd ná an margadh a rinne sí le Rí Laighean chun talamh a fháil dá clochar agus is iomaí leagan den scéal sin atá ar fáil. 🔊
← Bhuail siad le chéile taobh amuigh den áit ina bhfuil baile Chill Dara anois. 🔊
← Nósanna a Bhain le Féile Bríde Cros Bhríde. 🔊
← Ba ghnách don teaghlach Cros Bhríde a dhéanamh, í a bheannú le paidreacha agus uisce coisricthe. 🔊
← Ba nós le daoine béile le prátaí, im agus cabáiste a chaitheamh le chéile tar éis dóibh na crosa a dhéanamh. 🔊
← Suas go dtí an lá atá inniu ann téann cailíní beaga timpeall ó theach go teach agus iad gléasta suas le clócaí agus cochaill agus bábóg á hiompar acu. 🔊
← Tá an nós seo cosúil le Lá an Dreoilín ach is cailíní amháin a théann amach. 🔊
← Théadh daoine go tobar beannaithe Bríde don fhéile agus thógaidís uisce ón tobar abhaile leo le haghaidh na páirceanna a bheannú ionas go mbeadh rath ar na hainmhithe agus ar na barraí sa bhliain a bhí le teacht. 🔊